| Comhpháirtíocht san Ionad Oibre
Mar a aontaíodh anuraidh dhírigh an coiste a chuid iarrachtaí ar forbairt beartais don eagraíocht. Tá dhá bheartas beagnach críochnaithe agus beifear á gcur i bhfeidhm níos déanaí sa bhliain.
Tá dréacht de bheartas cumarsáide inmheánach déanta agus táthar ag fanacht le comhaontú ó na geallshealbhóirí. Is é sprioc an bheartais ná cinntiú go leithdháiltear eolas cruinn go héifeachtach ar fud na heagraíochta.
Tá an coiste ag obair ar an mbeartas Gníomhaithe-ag leibhéal níos airde. Cinntíonn beartas den sórt sin go mbeidh comhionannas deiseanna ann do na baill foirne leas a bhaint as deiseanna chun poist ghníomhacha a fháil fad is atá sealbhóirí na bpost ar saoire. Cuideoidh sé le bonn eolais an lucht oibre a leathnú chomh maith. Beidh sé mar bhuntáiste don fhoireann agus iad ag lorg ardú céime agus don eagraíocht go ginearálta.
Ag teacht le prionsabail na gcleachtas is fearr atá leagtha amach i “ Leanaí ar dTús – Treoirlínte do Chosaint agus Leasa Leanaí” a d’fhoilsigh an Roinn Sláinte agus Leanaí i 1999, rinneadh an cinneadh beartas a fhorbairt chun leanaí agus an fhoireann a dhéanann idirghníomhú leo a chosaint. Ceaptar go bhfaighidh an beartas seo réidh le an ngá a bhíonn ag an bhfoireann rioscaí a thógáil agus tacaíocht a chur ar fail dóibh má thagann aon chás aníos. Is gearr go mbeidh grúpa oibre á thraenáil ag an HSE agus tosóidh siad obair ar an mbeartas an bhliain seo chugainn.
Tionscadail
Searmanas Aitheantais Foirne
Bhí ócáid iontach ar siúl in Óstán Hillgrove i mí na Samhna chun aitheantas a thabhairt don méid a rinne an fhoireann tríd a gcuid seirbhíse agus a dtoilteanas glacadh le cúrsaí staidéir. Bronnadh duaiseanna ar 72 ball foirne a chuir 25 bliain seirbhíse isteach. Mhol an Méara agus an Bainisteoir Contae díograis agus tiomántas na foirne atá mar sainmharc ag an tseirbhís phoiblí.
Bronnadh duais speisialta ar chomhraiceoirí dóiteáin a bhfuil seirbhís 10 mbliana curtha isteach acu agus tugadh aitheantas dá dtiomantas oibriú i gcúinsí deacra go minic. Chuaigh breis is 250 ball foirne i mbun cúrsaí staidéir éagsúla. Tá 50 ball foirne i mbun cláir tríú leibhéal faoi láthair agus tá an Teastas i Rialtas Áitiúil críochnaithe ag 75% den fhoireann chléireachais. Chómhaoinigh an Grúpa Comhairleach Comhpháirtíochta Údaráis Áitiúil an ócáid thaitneamhach seo.
Éacht Shóisearach
Is cuid de eagraíocht dhomhanda í Éacht Sóisearach. Bunaíodh in Éirinn í i 1995 agus tá éileamh láidir anois uirthi ó scoileanna ar fud an chontae agus tá comhpháirtíocht rathúil cruthaithe aici le 150 príomheagraíocht. Tá Údaráis Áitiúla Mhuineacháin mar urraitheoir ar an tionscadal anois. Úsáideann Éacht Shóisearach taithí phraiticiúil chun cuidiú le daoine óga eacnamaíocht an tsaoil a thuiscint. Múineann lucht deonacha gnó na gclár Éachtaí Sóisearacha ar fad, dream atá earcaithe as eagraíochtaí tacaíochta. Cuireann na hoibrithe deonacha atá oilte go hiomlán cláir ar fáil ag leibhéal meánscoile agus bunscoile.
Cuireann Éacht Shóisearach deis éagsúil ar fáil d’Údarás Áitiúil Mhuineacháin chun idirghníomhú le leanaí inár bpobal. Cuirtear na leanaí ar an eolas faoina seirbhísí a chuireann muid ar fáil agus an chaoi ar féidir leo, mar shaoránaigh, deis cainte a bheith acu ó thaobh a dtimpeallacht a chothú agus méid áirithe a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí. Tugann sé léargas dóibh ar na cineálacha gairmeacha beatha atá ar fáil dóibh leis an údarás áitiúil.
Tionscadal Maidir leis an Obair
Tá maoiniú faighte ag Comhairle Chontae Mhuineacháin i gcomhpháirtíocht le Comhairlí Ard Mhacha agus Aontroma ó INTERREG. Is é sprioc an ‘tionscadail Maidir leis an Obair” ná rannpháirtíocht a spreagadh le 140 SMIanna sa réigiún chun feasacht a mhúscailt ar cheisteanna sláinte lena gcuid foirne. Táthar ag súil go laghdófar líon na laethanta a chailltear trí neamhláithreachas mar thoradh ar an tionscadal seo. Níl an tionscadal ach ag tosú agus beifear á fhorbairt thar an chéad ocht mhí dhéag seo amach romhainn.
Baill Coiste
Tá an coiste déanta suas as ionadaithe bainistíochta agus ceardchmainn mar a bhí blianta roimhe sin. Is iad na ceardchumainn a bhfuil ionadaíocht acu ná SIPTU, LAPO agus IMPACT. Ní dearnadh ach athrú amháin ar an gcoiste i 2006. Thóg Seamus Sherry áit Damien Stirrit mar ionadaí SIPTU
| David Fallon (Comhcathaoirleach) |
Gearoid McCarthy (Comhcathaoirleach) |
| Alan Hall |
John McKernan |
| Nuala Woods |
Seamus Kelly |
| Seamus Kelly |
Damien Treanor |
| Adge King |
Patsy McKenna |
| Bernie O’Flaherty |
Seamus Sherry. |
|