ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Seirbhísí Uisce

Cuireadh isteach Ráiteas Tionchair Timpeallachta chuig An Bord Pleanála in Aibreán d’Ionad Cóireála Fuíolluisce Charraig Mhachaire Rois – tá súil le cinneadh ón mBord ar an iarratas seo go luath i 2007. Tugadh chun críche na réamhoibreacha ar Líonra Bailithe Fuíolluisce Charraig Mhachaire Rois ag tailte an chlochair agus Bóthar Bhéal Átha Beithe i 2006. Tugadh chun críche idirbheartaíochtaí le formhór na n-úinéirí talún a raibh sé riachtanach comhaontuithe cead slí a fháil uathu i 2006- gheofar an chuid eile de na ceadanna slí atá fágtha le ceannachán éigeantach i 2007.

Samhlaítear go bhfaighidh Comhairle Chontae Mhuineacháin ceadú ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun dul ar aghaidh go dtí an chéim thairisceana chun an t-ionad cóireála nua agus an taiscumar a thógáil i 2007.

Rinneadh dul chun cinn maidir le talamh a leagan amach agus a fháil do Tionscnamh Talún Seirbhísithe an Oirthuaiscirt i mBaile Mhuineacháin i rith na bliana. Is é dáta pleanáilte do thosach an obair thógála ar an scéim seo ná Fómhar 2007. Cuireadh tús le hobair thógála Thionscnamh Talún Seirbhísithe Sheanbhóthar Ard Mhacha/ Leacht Lorcáin i mí Lúnasa 2006 agus meastar go mbeidh an obair tugtha chun críche go luath i 2007.

Ceapadh T.J. O’Connor and Associates, Innealtóirí Comhairleacha, mar ionadaithe Cliaint do Phríomhscéim Draenála Mhuineacháin i 2006. Samhlaítear go dtabharfar réamhthuarascáil athbhreithnithe chun críche i 2007 agus go gcuirfear tús ansin le réamhoibreacha chomh luath is a bheidh ceadú faighte ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Ceapadh Nicholas O’Dwyer, Innealtóirí Comhairleacha chun Réamhthuarascáil a ullmhú do Scéimeanna Fuíolluisce Bhaile na Lorgan, Bhéal Átha Beithe agus Chluain Eois (Scéim Cuachta) i rith na bliana. Tá Réamhthuarascáil le bheith curtha isteach go dtí an Roinn i 2007 le haghaidh an tionscadail chuachta seo.

Bhí éisteacht ó bhéal ar siúl ag An Bord Pleanála i Meán Fómhair 2006 ag féachaint ar bhearta na Comhairle chun aistarraingt uisce a mhéadú chun an scéim Idirnaisc Locha ar Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Loch Éigis a éascú. Tá súil le cinneadh ón mbord ar an scéim seo go luath i 2007.

Lean foireann togra CIS (Córais eolais iomlána) lena gcuid oibre le linn na bliana ó thaobh bunachar sonraí léarscáilithe de gach seirbhís Uisce & Séarachais sa chontae a chomhlánú.  Beidh éifeachtúlacht agus éifeachtacht níos fearr ó thaobh rialú bhainistiú sheirbhísí uisce mar thoradh ar an gcóras sin nuair a bheidh sé críochnaithe.

Leanadh le hobair le linn 2006 freisin chun cinntiú gur fhreastail Comhairle Chontae Mhuineacháin ar an spriocdháta chun an Beartas Praghsála Uisce a chur i bhfeidhm. Éilíonn an Beartas Praghsála Uisce méadú agus billeáil uilíoch a bheith ar bun maidir le gach tomhaltóir tráchtála de chuid Údaráis Áitiúla. Chuir Comhairle Chontae Mhuineacháin isteach 1000 méadar uisce ar fud Chontae Mhuineacháin chun cinntiú go raibh 3500 nasc uisce méadaráilte ag deireadh 2006.

An Clár Uisce Tuaithe

An Clár Scéimeanna Beaga

Bhain Comhairle Chontae Mhuineacháin aitheantas idirnáisiúnta amach i 2006 as a gcuid obair comhshaoil tar éis dóibh an Córas Bainistíochta Comhshaoil a chur i bhfeidhm.

Bronnadh an ISO 14001:2004 ar Roinn Seirbhísí Uisce Chomhairle Chontae Mhuineacháin, is tiomantas soiléir é seo go bhfuil an Chomhairle an-dáiríre faoina feidhmíocht comhshaoil féin a fheabhsú agus ag an am céanna an pobal i gcoitinne a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh.

Lean tógáil ar aghaidh i rith na bliana ar an mBogach Tógtha Comhtháite Píolótach do Scéim Séarachais Ghlaslocha agus ar obair phleanála agus deartha ar uasghrádú na n-ionad cóireála fuíolluisce i sráidbhailte Bhaile an Scotaigh, Bhéal Átha an Fhóid agus Scairbh na gCaorach – ba cheart go rachadh na trí cinn chun tairisceana i 2007. Fógraíodh tairiscintí chun an t-ionad cóireála fuíolluisce in Inis Caoin a uasghrádú chomh maith. Chríochnaigh Comhairle Chontae Mhuineacháin athshlánú an fhuíolluisce atá ann cheana féin agus líonraí uisce agus stáisiún caidéalúcháin nua ar ascaill 98 i mBaile Chluain Eois.

Thug Comhairle Chontae Mhuineacháin oibreacha chun críche le linn na bliana ar athshlánú na líonraí uisce agus líonraí fuíolluisce atá cheana féin ar Ascaill '98, Cluain Eois agus rinneadh móroibreacha athshlánaithe ar na líonraí uisce agus fuíolluisce atá cheana féin i mBéal Átha Beithe, ag teacht le Tionscadal na Scéim Athnuaite Baile.

Tharla oibreacha athshlánaithe suntasacha ar na líonraí uisce agus ar líonraí fuíolluisce atá cheana féin i mBéal Átha Béithe i rith na bliana.

Rinne Comhairle Chontae Mhuineacháin comhfhiontair le forbróirí áitiúla in Eanaigh Gheala, Dúthamhlacht agus i sráidbhaile Theach an Scotaigh chun saoráidí leasaithe fuíolluisce a sholáthar chun seirbhísiú a dhéanamh ar thithe nár seirbhíseadh go dtí seo agus ar fhorbairtí nua.

Rinneadh dul chun cinn suntasach le linn na bliana ó thaobh an chórais SCADA (Rialú Maoirseoireachta & Fáil Sonraí) a thabhairt chomh fada le Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Loch Éigis agus chuig Scéim Fhuíolluisce Mhuineacháin. Soláthraíonn an córas seo sonraí teicniúla díreach ar an bhfoireann chun monatóireacht agus feidhmíocht éifeachtach níos fearr  a dhéanamh ar na fearais chóireála.

< Previous | Next >