ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Seirbhísí Uisce

Faoi alt 83 d’Acht Rialtais Áitiúil 2001 is í Comhairle Chontae Mhuineacháin an t-aon údarás sláintíochta amháin atá freagrach as soláthar agus feidhmiú Seirbhísí Uisce (Uisce agus Fuíolluisce) ar fud an chontae.

Chomh maith leis an mbainistiú a dhéanaimid ar scéimeanna uisce poiblí agus ar scéimeanna fuíolluisce – tá Comhairle Chontae Mhuineacháin freagrach as an gClár Uisce Tuaithe a riaradh freisin. Faoin gclár sin tá ról faireacháin ag ár rannóg ó thaobh maoirsiú a dhéanamh ar obair 13 Grúpscéimeanna Uisce laistigh den chontae. Comhlíontar an ról sin i gcomhpháirtíocht leis na Grúpscéimeanna Uisce agus le heagraíochtaí tuaithe eile faoi choimirce an Choiste Faireacháin Uisce Áitiúil.

Cuireann Comhairle Chontae Mhuineacháin reachtaíocht Comhshaoil Eorpach chuí i bhfeidhm freisin, go háirithe Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Uisce le hÓl) 2000 agus an treoir maidir le Leasú Fuíolluisce Uirbeach.  Déanann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil monatóireacht agus iniúchadh ar ár gcuid seirbhísí.

Clár Infheistíochta Príomhscéimeanna

Chuir Comhairle Chontae Mhuineacháin roinnt príomhscéimeanna chun cinn faoin gClár Infheistíochta Seirbhísí Uisce i 2006.

Cheap Comhairle Chontae Mhuineacháin comhairleoirí chun Cáipéisí deartha agus Conartha sonraithe a ullmhú do Scéim Mhéadaithe Uisce Charraig Mhachaire Rois i Feabhra. Tugadh ar aghaidh tógáil an chonartha do thoibreacha táirgeachta agus príomhlíne aníos sna Fearta go dtína dtógáil roimh an bpríomhscéim i rith na bliana. Chomhlánaigh Comhairle Chontae Mhuineacháin ceannach éigeantach den láithreán taiscumair sna Fearta agus chuir siad isteach iarratas pleanála do na hoibreacha cóireála fuíolluisce nua agus taiscumar ag an láithreán seo.

Samhlaítear go bhfaighidh Comhairle Chontae Mhuineacháin ceadú ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun dul ar aghaidh go dtí an chéim thairisceana chun an t-ionad cóireála nua agus an taiscumar a thógáil i 2007.
Photo:Gortakeegan Water Towers
Next >