ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Seirbhísí Ilchineálacha - Nascadh
Nascadh

Tá Comhairle Chontae Mhuineacháin nasctha go hoifigiúil leis na háiteanna seo a leanas:

  • Geel, An Bheilg (tá paróiste Thigh Damhnata i dTuaisceart Mhuineacháin nasctha leis seo fosta)
  • Oileán Prince Edward, Ceanada
  • Peterboro, Ceanada
  • An Cabhán -Sruthán an Mhuilinn-Tuaisceart Mhuineacháin, Ceanada

Tharla na malartuithe seo a leanas i rith 2006:

 

Peterboro

I mí Mhárta thug toscaireacht ón gComhairle ar a raibh Stiúrthóir Seirbhisí, Oifigeach Comhairle Michael Fitzpatrick, agus na Comhairleoirí, Pat Treanor, John O’Brien, Jackie Crowe agus David Maxwell cuairt ar Peterboro, Toronto, Ceanada do cheiliúradh Lá ’le Pádraig ansin. Bhí an toscaireacht mar aíonna speisialta ag paráid Lá ’le Pádraig. Bhí siad an-tógtha leis an fháilte agus an fhéile a chuir muintir Cheanada rompu ar a dturas.

Geel:
Is í Naomh Damhnait an nasc idir Geel, Muineachán agus Tigh Damhnata, a d’fhág Tigh Damhnata i Muineachán mar bhanphrionsa óg agus a chuaigh go dtí an Geel sa Bheilg chun éalú óna hathair corbach a mharaigh níos deanaí í i Geel. Nascadh go hoifigiúil na trí limistéar i mBealtaine 1992.

Thug grúpa 12 as Geel cuairt ar Mhuineachán do fhéile Lá 'le Pádraig.

Oileán Prince Edward
Oileán é seo atá suite ar chósta thoir Cheanada gar do chúige na hAlban Nua, (daonra 123,000). Bhí imirce mhór ón chontae seo chuig an oileán sna 1830idí. Thug na himircigh ó Mhuineachán a gcuid logainmneacha leo, agus ar an oileán faightear na logainmneacha Scairbh na gCaorach, Crosaire Uí Cheallaigh, Bóthar an Domhnaigh agus Bóthar Mhuineacháin. Cuireadh an searmanas oifigiúil nasctha ar bun i mí na Bealtaine 1993.

I mí na Bealtaine 2006 thug toscaireacht as Contae Mhuineacháin cuairt ar an oileán. I measc na toscaireachta bhí an Comh. Benny Kierans, An Comh. Gary Carville, agus an tUas. John Murray, Ceannasaí Airgeadais.

Miramichi

Nascadh Muineachán agus Miramichi go hoifigiúil i 1998. Chuimsigh an chuairt mionsceideal de cheapacháin a bhain leis an Chomhairle Cathrach, leasa gnó, leasa sóisialta agus cultúrtha lena n-áirítear Féile Éireannach Cheanada ar Miramichi a bhí mar bhuaicphointe ag an chuairt gan amhras. I measc na toscaireachta bhí an Bainisteoir Contae, Declan Nelson agus na Comhairleoirí Brian McKenna agus Seamus Coyle.

Ba ionann an caiteachas iomlán don nascadh i 2006 agus €27,479.