ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre

Bóithre
Tá an Chomhairle freagrach as feabhas agus cothabháil a dhéanamh ar an líonra bóithre laistigh den chontae, líonra bóithre atá comhdhéanta de 110 ciliméadar de bhóithre náisiúnta, 288 ciliméadar de bhóithre réigiúnacha agus 2011 ciliméadar de bhóithre áitiúla.
 
Príomhscéimeanna

Is é Príomhbhealach an N2 an conair iompair straitéiseach a nascann Iarthuaisceart na tíre le mór-réigiún Bhaile Átha Cliath. Nascann an bealach sin na bailte seo a leanas, Scairbh na gCaorach, Muineachán, Baile na Lorgan agus Carraig Mhachaire Rois agus dá réir is é an príomhbhealach iompair sa chontae é. Tá tionchar suntasach ag Bealach an N2 ar fhorbairt eacnamaíochta Chontae Mhuineacháin chomh maith le réigiún an Iarthuaiscirt ar fad.

Cuspóir de chuid an Phlean Forbartha Náisiúnta é feabhas a chur ar an mbealach idir Baile Átha Cliath agus Dún na nGall/Doire.  Tá aghaidh á thabhairt ar an easpa infreastruchtúir iompair i gContae Mhuineacháin trí Sheachbhóthar a sholáthar ar na bailte Carraig Mhachaire Rois, Baile na Lorgan, agus Muineachán chomh maith leis an N2 a athailíniú ó thuaidh de Scairbh na gCaorach go dtí Baile Mhuineacháin.  Maolóidh an nasc idir an N12 agus an N54 plódú tráchta níos mó fós i mBaile Mhuineacháin.

Tá na Scéimeanna á maoiniú faoin bPlean Forbartha Náisiúnta tríd an Roinn Iompair, agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus tá siad á bpáirtmhaoiniú ag an Aontas Eorpach rud a cheadaigh dul chun cinn tapa le blianta beaga anuas.

Fuarthas €47,080 i bhfoirm maoinithe i 2006 do na Mórthionscadail.

Seachbhóthar Charraig Mhachaire Rois

D’oscail an tUasal Martin Cullen, An tAire Iompair seachbhóthar 9km Charraig Mhachaire Rois an 21 Eanáir 2005, trí mhí chun cinn ar an sceideal.

D’éirigh go maith leis an tionscadal trí infheistíocht maoinithe ó Rialtas na hÉireann faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 agus le páirtmhaoiniú ó Fhorbairt Réigiúnach an Aontais Eorpaigh tríd an Roinn Iompair agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta.

Críochnaíonn sé seo athailíniú an N2 idir Baile na Lorgan agus Baile Átha Cliath.

Scéim Seachbhóthair N2 Bhaile na Lorgan

D’iompaigh an tAire Martin Cullen an fód go hoifigiúil ar Seachbhóthar N2 ó Chluain Tiobrad go dtí Baile na Lorgan an 28 Samhain 2005. Is ceann de cheithre scéim píolótacha í an scéim seo a roghnaigh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta le cineál bóthar a dó móide a haon in Éirinn. Is é ailíniú bóthair Bhaile na Lorgan go dtí Cluain Tiobrad an dara ceann de na cheithre scéim píolótacha sin a tógadh agus beidh sí ar an gcéad scéim 2+1 “páirc ghlas”.

Tá dhá lána sa bhóthar dó móide a haon agus iad ag dul an treo céanna agus lána amháin ag dul an bealach eile. Tá spás sa phíosa le dhá lána le dhul thar carranna eile agus lána amháin ag briseadh dhá chileaméadar nó mar sin. Scaiptear na sruthanna tráchta le bac sábháilteachta a chuireann cosc ar charranna a bheith ag dul thar a chéile sa phíosa ina bhfuil lána amháin.

Bhí an scéim seo ar an gceann ba mhó riamh ar thug Comhairle Chontae Mhuineacháin fúithi agus cuimsíonn sí thart ar 16km de dhébhealach 2 + 1, ag soláthar seachbhóthair do thrácht ar Phríomhbhealach an N2 chuig baile Bhaile na Lorgan agus sráidbhailte Eanaigh Gheala agus Chluain Tiobrad.

Bronnadh an conradh Tógála Deartha €56.5 milliún ar Gama Tubin Construction Ltd., cuideachta comhfhiontair. Síníodh an conradh an 11 Deireadh Fómhair 2005 agus cuireadh tús leis i mí na Samhna 2005.  Rinne an conraitheoir dul chun cinn suntasach i 2006 chun an Scéim a chur ar aghaidh le hoscailt i bhfómhar na bliana 2007.

Rinneadh Measúnú Seandálaíochta agus Imscrúdú ar an Láithreán i 2005.

 

Next >