|
Forfheidhmiú & Imscrúdú
Tá níos mó béime ar fhorfheidhmiú san Acht um Pleanáil & Forbairt 2000.
| 2006 |
| An líon cásanna faoi réir casaoide |
|
122 |
| An líon cásanna a díbhíodh |
|
45 |
| An líon cásanna a réitíodh trí idirbheartaíocht |
|
26 |
| Litreacha Rabhaidh - Alt 152 |
|
105 |
| Fógraí Forfheidhmithe - Alt 154 |
|
36 |
| Ionchúisimh |
|
6 |
D’éirigh le Comhairle Chontae Mhuineacháin roinnt ciontaithe a dhaingniú, agus bhí fíneálacha móra mar thoradh orthu trí na Cúirteanna i 2006.
Scéimeanna Ranníocaíochtaí Forbartha
Fabhraíodh €3,560,154.88 ar an iomlán i 2006 agus íocadh iomlán de €2,081,368 leis an Údarás Pleanála i 2006 de réir Alt 48(14)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 maidir leis an Scéim Ranníocaíochtaí Forbartha.
| Caitheadh an méid a íocadh mar seo a leanas |
| Seirbhísí Uisce |
|
€758,132 |
| Seirbhísí Séarachais |
|
€884,066 |
| Cosáin & Soilsiú Poiblí |
|
€390,266 |
| Bóithre |
|
€ 48,904 |
| Total |
|
€2,081,368 |
Pleanáil Chun Cinn
Tá an Dréachtphlean Forbartha Contae uathúil sa mhéid gurb é an chéad phlean don chontae atá ullmhaithe faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (PDA, 2000). Tá sé uathúil freisin mar gurb é seo an chéad uair a bhí an Plean Forbartha Contae ullmhaithe i gcomhthráth le Pleananna Forbartha do bhailte Mhuineacháin, Charraig Mhachaire Rois, Bhaile na Lorgan, Chluain Eois agus Bhéal Átha Beithe.
D’ullmhaigh an Rannóg Pleanála Chun Cinn dréachtphlean i 2005 agus go luath i 2006 ina n-áirítear cúig chruinniú déag le fochoiste na Comhairle Contae. Cuireadh an dréachtphlean ar taispeáint phoiblí don tréimhse 03 Aibreán – 15 Meitheamh 2006 áit a tugadh faoi shraith úrnua d'imeachtaí comhairliúcháin tríd laethanta oscailte poiblí a chur ar siúl sna bailte ar fad agus clinicí pleanála seachtainiúla. Fuarthas 373 aighneacht agus tuairimí ar an iomlán i rith na tréimhse comhairliúcháin agus ullmhaíodh tuarascáil an bhainisteora ina dhiaidh sin ó Iúil 2006 go dtí Deireadh Fómhair 2006 faoi alt 12(A) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Bhí naoi gcruinniú ar an iomlán ar siúl i Deireadh Fómhair 2006 agus Samhain 2006 le comhaltaí na Comhairle Contae chun breathnú ar na moltaí i dTuarascáil an Bhainisteora. Bhí cruinnithe ar siúl leis na cheithre údarás áitiúil a bhí fágtha chomh maith chun labhairt faoi chodanna ábhartha de Thuarascáil an Bhainisteora.
D'aontaigh comhaltaí na gcomhairlí ábhartha le rún an dréachtphlean a leasú tar éis dóibh féachaint ar Thuarascáil an Bhainisteora. Tugadh tréimhse chomhairliúcháin breise chun críche ó 15 Nollaig 2006 – 26 Eanáir 2007 áit a cuireadh na leasuithe atá beartaithe ar an dréachtphlean ar taispeántas poiblí. Teastóidh Tuarascáil Bainisteora breise maidir le haighneachtaí agus tuairimí a gheofar i rith na tréimhse seo agus cuirfear faoi bhráid chomhaltaí na Comhairle iad i Feabhra/Márta 2007. Táthar ag súil go nglacfar leis an dréachtphlean in Aibreán 2007.
Airítear leis an obair leanúnach eile laistigh den Rannóg Pleanála Chun Cinn dréachtú na ndoiciméad beartais agus treoirlínte atá comhlíonta ag comhairleoirí príobháideacha. Táthar ag súil go bhfoilseofar agus go nglacfar leis na doiciméid seo a leanas i 2007:
- Straitéis Tithíochta do Chontae Mhuineacháin 2006 – 2012
- Treoir Dearaidh Tuaithe do Thithe faoin Tuath
- Measúnú Tréithe Tírdhreacha
|