|
Is é feidhm na nÚdarás Pleanála pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an chontae a sholáthar ar mhaithe le leas an phobail. Is í Comhairle Chontae Mhuineacháin an tÚdarás Pleanála reachtúil do Dhúiche Sláinte Chontae Mhuineacháin. Is údaráis phleanála ar leithligh iad na ceithre Chomhairle Baile i gCo. Mhuineacháin agus tá Oifigeach Pleanála sannaithe ar gach ceann de na ceithre Chomhairle Baile ar bhunús áisíneachta.
Le linn 2006 reáchtáileadh clinicí gach maidin Dé Máirt agus Déardaoin le cuidiú leis an phobal agus le gníomhairí le réamhmholtaí pleanála agus le haon cheisteanna pleanála eile a bheadh acu. Stiúradh na clinicí trí chóras bunaithe ar choinní agus d’fhreastail thart ar 2,000 duine ón phobal orthu.
Rialú Forbartha
Tháinig méadú 58% ar an líon iarratas pleanála a fuair Comhairle Chontae Mhuineacháin ó 1,439 i 2005 go dtí 2,269 i 2006. Mhéadaigh nádúr agus castacht na n-iarratas go mór i 2005. Rinne Comhairle Chontae Mhuineacháin 1770 cinneadh pleanála i 2006, méadú 33% ar fhigiúr na bliana roimhe sin de 1,300. As an méid sin iarratas, diúltaíodh 283 iarratas agus is ionann sin agus ráta 16%. Dhéileáil na hoifigigh phleanála le 150 iarratas pleanála in iomlán fosta a fuarthas ó na ceithre Chomhairle Baile.
Cuireadh 19 achomharc chuig an Bhord Pleanála ón 1 Eanáir 2006 – 31 Nollaig 2006 agus astu sin aistarraingíodh 1, ní raibh aon chinneadh déanta faoi 7, seasadh le 5 agus tiontaíodh 6 chinneadh a rinne Comhairle Chontae Mhuineacháin.
D’eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil Treoirlínte maidir le Tithíocht Inbhuanaithe faoin Tuath ar na húdaráis phleanála ar fad in Aibreán 2005 faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Caithfidh na pleanálaithe na treoirlínte seo a chur san áireamh agus iad ag déileáil le hiarratais phleanála do thithíocht faoin tuath. D’aontaigh an Coiste Pleanála an nós imeachta a ghairm chun an Plean Forbartha Contae a athrú i nDeireadh Fómhair 2005, áit a raibh iarratais phleanála molta/curtha isteach le haghaidh forbairt chónaithe ar thailte neamhaicmithe i gcás breis is ceithre theach, nó i gcás limistéar suímh níos mó ná 0.1 heicteár. Bheadh na cineálacha tograí forbartha sin faoi réir fhorálacha na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000- 2004 (aitheanta mar Cuid V) mar thoradh ar an athaicmiú talún. Bhí roinnt athruithe ar Phlean Forbartha Chontae Mhuineacháin ar ghlac na comhaltaí leis i 2006.
Sa bhreis ar iarratais phleanála a phróiseáil, dhéileáil an oifig phleanála le forbairt a rinne Comhairle Chontae Mhuineacháin, a tháinig faoi Cuid VIII de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.
Tá Rannóg TF Chomhairle Chontae Mhuineacháin ag feabhsú rochtain eolais ar ábhair phleanála i gcónaí agus rinne sé é seo trí úsáid an Idirlín i 2006. Is féidir leis an phobal súil a choimeád ar dul chun cinn a gcuid iarratas pleanála trí úsáid an láithreáin ghréasáin agus le húsáid an aerfótagrafaíochta agus an Chórais C.F.G tá rochtain ag an phobal ar shuíomh an iarratais agus na gnéithe mórthimpeall. |