| Seirbhísí Seandálaíochta
Dhéileáil an Iarsmalann le go leor iarratas seandálaíochta ón bpobal i rith na bliana. D'oibrigh foireann na hIarsmalainne go crua i gcomhar leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) chun taispeántas a chur le chéile ar thorthaí as tochailtí seandálaíochta a bhí ar siúl i ndáil leis na seachbhóithre a tógadh timpeall ar Charraig Mhachaire Rois, Baile na Lorgan agus Muineachán. Beidh an taispeántas darbh ainm “Saol agus Bás i Muineachán” á sheoladh i Márta 2007.
Inrochtaineacht níos fearr
Chomh maith leis an Iarsmalann a dhéanamh níos cuimsithí do dhaoine le cúlraí cultúrtha difriúla d’éirigh leis an Iarsmalann €28,000 a fháil don chiste míchumais náisiúnta chun foirgneamh na hIarsmalainne a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine le deacrachtaí fisiciúla. Cuireadh doirse uathoibríocha ar fáil do dhaoine le deacrachtaí fisiciúla chomh maith le córais lúibe do dhaoine lagéisteachta. Cuireadh isteach comharthaí braille agus athrú ar tháscairí leibhéil do dhaoine lagamhairc.
Clár Caighdeán Iarsmalainne Éireann (MSPI)
Bhí Iarsmalann Chontae Mhuineacháin ar cheann de na chéad Iarsmalanna sa chontae a fuair duais de chreidiúnú eatramhach faoi chlár náisiúnta nua na gComhairlí Oidhreachta chun caighdeáin phroifisiúnta a fheabhsú in Iarsmalanna na hÉireann. Leagann an clár amach 34 caighdeán a chaithfear a bhaint amach sula féidir creidiúnú iomlán a bhaint amach. Tá cloch mhíle sroichte ag an Iarsmalann, fuair siad 27 de na caighdeáin atá ceadaithe agus tá sé ar sceideal chun na 34 caighdeán ar fad a bhaint amach roimh dheireadh 2007. Iarraidh ar an Iarsmalann a bheith mar chomhairleoir ar Iarsmalanna an Chabháin agus an Lú atá ag cur tús leis an bpróiseas iad féin anois.
Gnóthachain
Tháinig méadú go dtí 8,000 ar líon na gcuairteoirí chuig an Iarsmalann i mbliana. Tá an taispeántas ‘Muineachán, Contae Cois Teorann ag fás le 40 bliain’ ar an taispeántas is rathúla a cuireadh ar siúl san Iarsmalann riamh. Sroicheadh an creidiúnú eatramhach faoi Chlár Caighdeán Iarsmalainne Éireann na Comhairle Oidhreachta.
Fuair an Iarsmalann os cionn €100,000 i ndeontais chun na tionscadail pobalbunaithe a reáchtáil.Chuir an Iarsmalann isteach 2 dhoras uathoibríocha, 2 chóras lúibe nua do dhaoine lagéisteachta, deasc fáiltithe íslithe agus comharthaí braille chun cuidiú leis an bhfoirgneamh a dhéanamh níos inrochtana. Cuireann an Iarsmalann taispeántas ar siúl i gcomhar le Muchno Mania agus Seó Thigh Damhnata mar chuid dár ngníomh i bPlean Forbartha Cultúrtha Mhuineacháin 2002 – 2012 chun tacaíocht a thabhairt d’fhéilte sa chontae seo.
|