ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht - Iarsmalann
Athrú ar Iarsmalann Chontae Mhuineacháin

Tháinig níos mó cuairteoirí nua isteach trí dhoirse na hiarsmalainne i 2006. Lean an Iarsmalann agus an fhoireann ar aghaidh ag obair leis an bpobal chun “Íomhá nua dár Scéal" a thaispeáint. Cuireadh raon níos mó taispeántas agus ócáidí nuálaíoch ar siúl chun na daoine sin a cheap “nár fheil an iarsmalann dóibh” ar chúis amháin nó eile a mhealladh isteach agus taitneamh a bhaint as eolas a chur ar scéal na hIarsmalainne. D’oibrigh an Iarsmalann agus an fhoireann thiomnaithe an-chrua chun na haidhmeanna agus spriocanna a bhaint amach do 2006 mar atá leagtha amach ina bPlean Bainistíochta Straitéiseach 2004 – 2008 agus spriocanna Phlean Corparáideach na Comhairle Contae 2007 go dtí 2013. Ní amháin gur thugamar cuireadh do dhaoine chuig an Iarsmalann ach chuamar amach ar fud an chontae agus chasamar le daoine as gach earnáil den phobal agus labhaireamar leo faoi céard a bhí ag teastáil uathu ina Iarsmalann áitiúil. Chuireamar ceist orthu freisin maidir leis an taithí a bhí acu féin agus d’úsáideamar na scéalta seo le cur ar taispeántas ar fud Chontae Mhuineacháin ag léiriú an athrú atá tagtha ar an gcontae. 

Thaispeáin an iarsmalann a tiomantas leanúnach do chuimsiú sóisialta leis an taispeántas ar éirigh thar cionn leis darbh ainm “ Muineacháin, contae cois teorann ag fás le 40 bliain”, a cuireadh le chéile i gcomhar le Leabharlanna Chontae Mhuineacháin. Bhí taispeántais bheaga eile ar siúl i rith na bliana chomh maith a rinne ceiliúradh ar shaibhreas stairiúil agus ilchineálacht chultúrtha an chontae iontach seo.

Taispeántais agus For-Rochtain

Is é taispeántas siarghabhálach d’obair an ealaíontóra áitiúil, Joan Mallon a chuir tús le sceideal gnóthach taispeántas agus ócáidí na hIarsmalainne. Bhí an taispeántas sonraithe le sraith ceardlann ar stair na healaíne agus teicnicí ealaíonta difriúla, a thug Joan agus d'fhreastail go leor ranganna ardteistiméireachta ealaíne ó thimpeall an chontae orthu.

I mbliana bhí an príomhthaispeántas bunaithe ar bhailiúchán oibre na bliana ag taifeadadh scéalta na ndaoine as an gcontae thar na 40 bliain atá caite. Insíonn “Muineachán, contae cois teorann ag fás le 40 bliain” dúinn faoi scéalta mhuintir Mhuineacháin agus an chomh mór is a d’fhás agus a d’athraigh an contae go fisiciúil agus go cultúrtha. Dhírigh an tionscadal seo ar go leor grúpaí nach n-úsáideann an Iarsmalann agus na seirbhísí Leabharlainne go hiondúil. Leis seo bhí orthu teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí, dul amach agus labhairt leo agus a gcuid scéalta bunaithe ar a gcuid eachtraí le 40 bliain anuas a thaifeadadh. Thugamar cuireadh do na grúpaí seo ansin chun teacht go dtí ceardlanna scéalaíochta breise laistigh den Iarsmalann agus den Leabharlann.

Tar éis dóibh léamh tríd na tráscríbhinní ar fad agus iad a chur ar ionaid éisteachta, briseadh an taispeántas síos ina cheithre théama: “Saol agus Scíth”, “Inimirce/Eisimirce”, Teicneolaíocht in Imeacht na mBlianta” agus “Timpeall na Teorann”. Bhí deis ag gach cuairteoir chuig an taispeántas éisteacht leis na scéalta faoi gach rud idir smuigleáil trasna na teorann agus buamáil Mhuineacháin agus dul go Meiriceá chun obair a chuardach agus teacht ar ais go hÉirinn ar thóir saol nua. Tá an taispeántas ar camchuairt ar fud an chontae faoi láthair.

Fáltais

Lean an Iarsmalann ar aghaidh lena dtiomantas chun rudaí a bhaineann le hoidhreacht Mhuineacháin a fháil i mbliana. Ceann de na príomhfháltais ná rogha doiciméad meamraim ag dul siar go dtí lár na 1600idí ag mionsonrú aistrithe talún ó úinéirí bochta as Éirinn do chuairteoirí Sasanacha. Tá na doiciméid seo tábhachtach mar go gcláraíonn siad conas a aistríodh talamh go dtí úinéirí Sasanacha thar an tréimhse seo agus conas a bhí rialú na Breataine ar fud na dtíortha mar thoradh air sa deireadh. Léiríonn doiciméad eile neamhghnách ag dul siar go dtí 1658, tráth saoil Oliver Cromwell bunú cúirte in Eochaill, Co. Chorcaí chun éisteacht le pléadálacha úinéirí talún Éireannacha a raibh a dtalamh á bhaint díobh agus ar tugadh an rogha  míchlúiteach dóibh dul “Go hIfreann nó go Connacht”. Cé nach mbaineann sé le Muineachán go díreach tá sé tábhachtach mar nach bhfuail aon ócáidí taifeadta áit ar tugadh deis d’úinéirí talún a gcás a phléadáil, díshealbhaíodh formhór acu óna gcuid talún.

Oideachas

Tá oideachas ar cheann de na seirbhísí lárnacha a chuireann Iarsmalann Chontae Mhuineacháin ar fail don phobal. Taispeánadh an tiomantas seo chun eolas ar stair áitiúil a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile le mustar mór ócáidí a chuir an Iarsmalann ar siúl i rith na bliana a bhí dírithe ar leanaí scoile agus ar ghrúpaí pobail.

Rinneadh ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge le sraith ócáidí spraoi agus faisnéise dírithe ar fheasacht ar an nGaeilge agus an cultúr a mhéadú. Cuireadh campa samhraidh staire an-rathúil ar siúl i gcomhar le Cumann Stairiúil an Chlochair i rith Lúnasa áit a tugadh leanaí timpeall ar shuíomhanna stairiúla agus seandálaíochta agus ghlac siad páirt i athachtú catha chomh maith. Bhí an-tóir ar an gcampa stairiúil beo seo agus beidh sé ar siúl arís i mbliana. Bhí an-éileamh ar cheardlann praiticiúil ar conas balla cloiche singil a thógáil agus bhain gach duine a bhí páirteach ann leas as. Bhí ceardlanna ar siúl ar ábhair éagsúla chomh maith ar nós ríomhairí, leideanna stíleála, stair áitiúil agus callagrafaíocht.

Upper Photo: Participants in the Dry Stone Walling Workshop
Middle Photo:Opening Night of “Monaghan a border County, 40 years growing 1965 – 2005”
Lower Photo: Monaghan Museum/Battle Re-enactments during the History Summer Camp
Next >