ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Comhairle Baile Mhuineacháin

Clár 1 – Tithíocht agus Tógáil

Tá Comhairle Baile Mhuineacháin freagrach as cothabháil agus ligean na dteaghas uilig de chuid na Comhairle Baile. Bhí 253 teaghas ar cíos agus 27 teaghas ar an scéim ceannacháin tionónta i 2006. Díoladh 6 theaghas faoin Scéim Ceannacháin Tionónta. Tugadh chun críche Céim Phíolótach de 31 teach faoin Scéim Oibreacha Leasúcháin ag Mullach Meata i 2006. Áirítear sna hoibreacha obair ar taobh istigh agus taobh amuigh de na teaghais, síneadh ar theaghais a roghnaíodh agus oibreacha forbartha láithreáin. Cuireadh teas lárnach isteach i 35 teaghas de chuid na Comhairle le linn na bliana. Fuarthas €89,000 ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun 80% de na hoibreacha a chlúdach. Fuair Comhairle Baile Mhuineacháin 13 Teach dhá Sheomra ag Coill Dhroim Biúir agus 19 Teach trí Sheomra ag Siúlán Chúil Seannach, Montfort mar thoradh ar chomhaontuithe Cuid V.

Fuair Comhairle Baile Mhuineacháin réidh le 1.40 acra talún ag Eanach Átha agus thug siad do Chomhairle Chontae Mhuineacháin é chun Ceanncheathrú Stáisiún Dóiteáin nua a chur ar fáil. Ghlac na baill le doiciméad beartais iompraíochta frithshóisialta i mBealtaine 2006 a shoiléiríonn polasaí an Údaráis Áitiúil maidir le Iompraíocht Fhrithshóisialta agus treoir agus nósanna imeachta a chur ar fáil do fhostaithe an Údaráis Áitiúil as Ranna Thithíochta a dhéileálann le hIompraíocht Fhrithshóisialta. Cuireadh ar fáil Lámhleabhar Eolais nua do Thionóntaí i rith na bliana ag soiléiriú róil agus freagrachtaí an tionónta agus na Comhairle, mar thiarna talún agus cuireann sé eolas úsáideach ar fáil ar na seirbhísí tithíochta atá ar fáil chomh maith.

Clár 2 – Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre

Comhlíonadh mór-oibreacha ar Sráid Ghlaslocha lena n-áirítear cáblaí líonraithe CBL, uasghrádú ar an líonra uisce stoirme agus draenála, an athailíniú, leathnú agus pábháil cosán, soláthar de mullaird maisiúil agus colúin solais, athdhromchla a chur ar an mbóthar agus coimhdeacha éagsúla.
Cheadaigh na Baill ainmniú na sráide/mbóithre seo a leanas i limistéar Baile Mhuineacháin i 2006:-
Bóthar ag dul ó Old Cross Square go dtí na soilse tráchta - Bóthar MhicCaírthinn
Bóthar ag dul ón Ospidéal Contae go dtí an Achomhal Sampla Scoile – Bóthar Crann-Caothrainn
Bóthar ag nascadh leis an N2 le Siúlán Rópa tríd an bPlandáil –  An Plandáil – Bóthar na Plandála
Bóthar ag dul ó oifigí an Chomhair Chreidmheasa reatha le taobh an Ionaid Siopadóireachta ar theorainn áitribh Northern Standard agus le bealach amach ar an taobh clé den Teach Cúirte – Bóthar an Chaisleáin.
Bronnadh cead pleanála le haghaidh timpeall 0.5km de bhóthar a thógáil as an rochtain reatha ar Ghleann Rúscaigh OPDanna ag dul comhthreomhar agus ó thuaidh de Abhainn na Shambles go dtí tailte an CLG áit a gcuirfear bóthar rochtana nua do thailte CLG Chláirsigh Mhuineacháin ar fáil. Lean an Chomhairle ar aghaidh lena feabhsúchán bóthair agus cosáin i 2006 le cuidiú an Deontais Bóithre ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Clár 3 –  Soláthar Uisce agus Séarachais

Ghlac an Chomhairle Chontae lán-fhreagracht as seirbhísí uisce agus séarachais a sholáthar ón 1 Eanáir, 2005. Déanann Comhairle Baile Mhuineacháin cothabháil ar an Áis Phoiblí Uathoibrithe i gCarrchlós Theach na Cúirte.

Photo: Mullaghmatt Remedial Work Scheme
< Previous | Next >