ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht - Seirbhís Leabharlainne
Réamhrá

Tá sainmhíniú nua anois ar Leabharlanna Chontae Mhuineacháin ó áit le dhul chun leabhair a fháil ar iasacht go dtí áit a thugann rochtain don duine ar an domhan mór eolais agus a thacaíonn le muintir an phobail a suim i gcúrsaí eolais, oideachais agus féinfhorbartha a shásamh. Lean Leabharlann Chontae Mhuineacháin ar aghaidh ag cur chun cinn na haidhmeanna agus spriocanna atá leagtha amach ina Phlean Forbartha 5 bliana, agus ag déileáil go díreach le níos mó ball den phobal ná aon seirbhís eile sa Chomhairle.

Déantar Seirbhís Leabharlainne Chontae Mhuineacháin a riaradh ó cheanncheathrú na leabharlainne i gCluain Eois. Áirítear i measc a cuid seirbhísí:

  • Cúig bhrainse lonnaithe i bpríomh bhailte Mhuineacháin, Charraig Mhachaire Rois, Bhaile na Lorgan, Chluain Eois agus Bhéal Átha Beithe. Cuireann na cúig bhrainse uilig cnuasach de leabhra ficsin agus neamh-ficsin a mbíonn an-tóir orthu ar fáil, in éineacht le clos-leabhra, dlúthdhioscaí agus irisí le glacadh ar iasacht agus leanann siad de bheith á dtabhairt suas chun dáta i gcónaí.
  • Seirbhís Leabharlainne taistil a fheidhmíonn ó 45 pointe ar fud an chontae ar bhonn coicíse.
  • Seirbhís Leabharlainne Scoile a thugann cuairt ar 64 bunscoil faoi dhó sa bhliain.

 

TIONSCADAIL CAIPITIL

Carraig Mhachaire Rois

Tá leabharlann nua bhrainse Charraig Mhachaire Rois pleanáilte i gcomhthéacs forbairt láithreach sibhialta ar Thailte an Chlochair. Tá achar urláir de 780 méadar cearnach ag an mBrainse Leabharlainne atá beartaithe agus beidh limistéar tiomnaithe do Thaispeantás/ Cur i láthair ann, chomh maith le 16 Ríomhaire Pearsanta leis an Idirlíon.

Ceanncheathrú na Leabharlainne

Bronnadh deontas de €5 milliún le haghaidh Ceanncheathrú na Leabharlainne agus an tionscadal brainse leabharlainne i gCluain Eois. Clúdaíonn an deontas seo 75% de chostas iomlán an tionscadail. Chomh maith le Ceanncheathrú na Leabharlainne beidh Brainse Leabharlainne de timpeall 440 méadar cearnach, Ionad Taighde Cartlainne agus Staire Áitiúil agus seomraí cruinnithe san ionad.

Muineachán

Is le cúnamh deontais míchumais de €235,000 atá forbairt caipitil ar bhrainse leabharlainne Mhuineacháin ag dul ar aghaidh. Críochnaíodh obair ar shíneadh agus athchóiriú Bhrainse Mhuineacháin i Meitheamh 2006. I measc na hoibre a rinneadh cuireadh isteach leithreas poiblí oiriúnach do chathaoir rothaí, cuireadh síneadh leis chun an t-achar urláir iomlán a mhéadú, ardaíodh urlár Leabharlainne na nÓg chun rochtain níos éasca a thabhairt agus cuireadh isteach rampaí do chathaoireacha rothaí ar na leibhéil urláir eile ar fad. Cinnteoidh an obair go mbeidh rochtain éasca ag muintir an phobail ar fad, mar atá forordaithe san Acht um Míchumas 2005.

Béal Átha Beithe

Tugadh obair chun críche ar athchóiriú brainse leabharlainne Bhéal Átha Beithe i gcomhar le hathchóiriú ginearálta an fhoirgnimh lena n-áirítear an brainse agus Seomraí na Comhairle Baile. Áirítear leis an obair deisiú struchtúrach ar na ballaí agus simléar seachtrach, cuireadh isteach leithreas agus cistin nua, deisíodh agus péinteáladh doirse agus fuinneoga, deisíodh na hurláir agus péinteáladh agus rinneadh obair mhaisiúcháin ghinearálta ar an taobh istigh.

OUTREACH

D’eagraigh Comhairle Chontae Mhuineacháin a clár ócáidí agus gníomhartha is mó riamh do dhaoine fásta agus leanaí i 2006. Bhí 3,780 duine tar éis freastal nó páirt a ghlacadh in ócáid a bhí reachtáilte ag an leabharlann faoi dheireadh Dheireadh Fómhair 2006, seo 17% méadú ar 2005.

Tionscadal Scéalaíochta

Thosaigh an tseirbhís Leabharlainne agus Iarsmalann an Chontae Tionscadal Scéalaíochta an-rathúil, darbh ainm “Muineachán, contae cois teorann ag fás le 40 bliain”. Ghlac os cionn 100 duine as an gcontae ar fad páirt ann ag insint scéalta faoina saol i Muineachán ar feadh 40 bliain nó níos mó agus iad sin atá nua ag an gcontae. Taispeánadh taispeántas taistil de scéalta agus pictiúir a bailíodh ar fud an chontae. Fuair an tionscadal seo maoiniú tríd Tascfhórsa treoraithe Chomhairle Chontae Mhuineacháin faoi Chlár Síocháin II ag costas de €96,000.

 

Upper Photo: Author Fra Gunn at the Childrens Book Festival
Middle Photo: Summer Arts Classes in Clones Library

Lower Photo: Children’s Book Festival Animal Roadshow, Clones
Next >