Mar Mhéara ar Chontae Mhuineacháin, don bhliain ‘06/’07, tá áthas orm an tuarascáil do 2006 a chur i láthair.
Bhain mé an-sásamh as a bheith tofa mar Mhéara ar Chontae Mhuineacháin den tríú uair i 2006. Is iomaí dul chun cinn a rinneadh i mbonneagar an chontae ó bhí an post seo agam go deireadh i 2001. Tá seachbhóthar Mhuineacháin agus Charraig Mhachaire Rois oscailte anois agus tá dul chun cinn iontach á dhéanamh ar sheachbhóthar Bhaile na Lorgan agus tá súil go n-osclófar i Lúnasa 2007 é. Caithfidh muid ar fad a gcuid airde a dhíriú ar bhóithre náisiúnta, tánaisteacha agus réigiúnacha chomh maith lenár mbóithre contae. Tá fáilte mhór roimh oscailt Ionad Fóillíochta Mhuineacháin, saoráid den scoth agus tá tóir mhór cheana féin ag muintir an chontae agus an cheantair máguaird air.
Thosaigh obair ar an bPlean Forbartha Contae nua don tréimhse 2006-2012 i 2004 agus sroicheadh buaicphointe nuair a foilsíodh an Dréachtphlean Forbartha in Aibreán 2006. Cuireann an plean fís agus dearcadh ar fáil d’fhorbairt an chontae amach anseo suas go dtí 2012 le léargas níos fadtéarmaí á thógáil níos faide ná 2012. Bhí sraith cruinnithe poiblí úrnua ar fad ar siúl ar fud an chontae agus tugadh cuireadh do mhuintir an phobail chun aighneachtaí agus tuairimí a thabhairt ar an bplean agus na himpleachtaí a bheidh aige ar an gcontae. Cuireadh tuarascáil an bhainisteora le chéile agus thionóil na comhaltaí tofa roinnt cruinnithe chun na moltaí seo a mheas. Tá súil go nglacfar an Plean Forbartha Contae go luath i 2007.
Ó thaobh tithíochta de cuirim fáilte roimh dhá fhorbairt mhóra tithíochta - ceann ar Tailte an Chlochair, Carraig Mhachaire Rois agus ceann ag Brí, in éineacht le roinnt forbairtí beaga ar fud an chontae. Cuideoidh na tithe chun líon na ndaoine atá ar liostaí feithimh tithíochta a laghdú, ach mar sin féin tá go leor le déanamh fós chun na liostaí feithimh a laghdú.
Tá clár oibre mionsonraithe leanúnach ar bun mar fhreagra ar an Acht um Míchumas 2005. Tá sé mar aidhm ag an obair seo seirbhísí na Comhairle a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Ceann de na tionscadail ar éirigh go maith leis i mbliana ná an Clár Iniúchta Rochtana Sráide inar thug daoine faoi mhíchumas cabhair chun fadhbanna rochtana ar shráideanna an chontae a aithint féachaint le fáil réidh leo agus na sráideanna a dhéanamh níos inrochtana.
Níl sna tionscadail atá luaite thuas ach cúpla ceann díobh sin ar tugadh fúthu i 2006 – tugtar sonraí sa tuarascáil den obair mhór a rinneadh faoi na seirbhísí éagsúla.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Comhaltaí, Bainisteoir agus le Foireann na Comhairle as an gcúnamh a thug siad dom le linn mo théarma mar Mhéara ar an gContae.
An Comh. Padraig McNally
Méara an Chontae |