ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Seirbhísí Ilchineálacha - Bainistiú Acmhainní Daonna

Earcaíocht

Fostaíonn Comhairle Chontae Mhuineacháin tuairim is ceithre chéad agus seachtó cúig ball foirne. Léirítear ilfheidhmiú na heagraíochta ina lucht saothair lena n-áirítear lucht cléireachais/riaracháin, innealtóireachta, teicniúil, ceardaíochta, oibrithe ginearálta, leabharlannaithe, lucht múchta tine, srl. Is é atá mar chuspóir ag Bainistiú Acmhainní Daonna ná na daoine is fearr a mhealladh isteach san eagraíocht agus cuidiú leo lán a gcumas a bhaint amach le go bhféadfadh siad cur go hiomlán le mian na heagraíochta a cuspóirí agus a haidhmeanna a bhaint amach agus chun dul chun cinn gairme a éascú.

 2006

  • Socraíodh 41 bord agallaimh do roghnú foirne
  • Ceapadh 25 ball foirne
  • Fostaíodh 40 ball foirne ar chonarthaí gearrtéarmacha
  • Tugadh ardú céime do 21 ball
  • D’éirigh 17 ball foirne as an obair
  • D’imigh 5 ball foirne ar scor
  • Bhain 41 dalta tríú leibhéal leas as deis taithí oibre i rith an tsamhraidh

Tionscnaimh Cothromaíochta Oibre/Saoil

Ghlac foirne páirt i roinnt scéimeanna cothromaíochta oibre/saoil i rith na bliana

  • Ghlac 22 ball foirne páirt sa scéim roinnte oibre
  • Bhain 11 ball foirne úsáid as saoire téarma i rith an tsamhraidh 
  • Bhain 10 ball foirne úsáid as saoire tuismitheora
  • Bhain 3 ball foirne úsáid as sosanna gairme  
Oiliúint & Forbairt

Aithníonn Comhairle Chontae Mhuineacháin go bhfuil forbairt agus oiliúint atá sonraithe i gceart riachtanach chun cuidiú leis an bhfoireann ag gach leibhéal a gcuid oibre a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus proifisiúnta.
 
Déantar Anailís Riachtanais Oiliúna go bliantúil agus ag teacht le forfheidhmiú na gCóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (PMDS) chun plean oiliúna a chur le chéile. Leagtar béim ar oiliúint agus forbairt a nascadh le cuspóirí corparáideacha agus Pleananna Gnó.

Ba ionann caiteachas ar Oiliúint agus Forbairt mar chéatadán de chostais phárolla iomlána i 2006 agus 6.40%.

I 2006  
Líon na gcursaí oiliúna 249
Líon na laethanta oiliúna  1,435
Lion na gcursaí inmheánach 28
Líon na gcursaí seachtrach 221

Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta

Bhí cuid mhór de rolladh amach na gCóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta laistigh d’Údaráis Áitiúla Mhuineacháin tugtha chun críche i 2006 le súil le dáta deiridh críochnaithe don rolladh amach i Márta 2007. Díríonn sé ar oiliúint a nascadh le riachtanais forbartha agus feidhmíochta foirne do chuspóirí eagraíochta agus foirne. Cé go mbeidh an chéad rolladh amach críochnaithe go luath i 2007, tá an próiseas leanúnach: leis an mbéim ar fheabhsuithe leanúnacha i seachadadh seirbhíse.

Scothsheirbhís ó Scothfhostaithe

Fuair Comhairle Chontae Mhuineacháin an duais seo don dara bliain as a chéile don Stiúrthóireacht Tithíochta, Gnóthaí Corparáideacha, Rannóg Bainistíochta Acmhainní Daonna agus Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois i 2005. Is Caighdeán Náisiúnta d’Fhorbairt Acmhainní Daonna í an duais Scothsheirbhís ó Scothfhostaithe. Is creidiúnú neamhspleách é a bhronnann FÁS ar eagraíochtaí mar aitheantas ar a dtiomantas d’Oiliúint agus Forbairt foirne.

Gradaim Fadseirbhíse & Aitheantais Foirne

Cuireadh ceiliúradh mór ar siúl in Óstán Hillgrove ar an 3 Samhain 2007 chun onóir a thabhairt d’fhoireann a bhfuil 25 bliain seirbhíse comhlánaithe acu. Ghlac foirne as Comhairle Chontae Mhuineacháin agus na Comhairlí Cathrach páirt sa cheiliúradh. Bhronn Méara Chomhairle Chontae Mhuineacháin, Padraig McNally agus Declan Nelson, Bainisteoir Contae Mhuineacháin gradaim indibhidiúla ar gach ball foirne a bhfuil 25 bliain seirbhíse slánaithe acu. Mhol an Méara agus an Bainisteoir Contae díograis agus tiomantas na foirne atá mar sainmharc den tseirbhís phoiblí.

Bronnadh duais speisialta ar chomhraiceoirí dóiteáin a bhfuil seirbhís 10 mbliana curtha isteach acu. Mhol an Méara foireann na Seirbhíse Dóiteáin, ag labhairt faoin jab crua atá le déanamh acu i gcúinsí contúirteacha.
Photo: Long Service Awards