Tithíocht agus Foirgníocht

Is é aidhm na comhairle a chinntiú go bhfuil gach teaghlach in ann áit chónaithe ar chaighdeán maith a fháil, atá oiriúnach dá riachtanais, i dtimpeallacht dheas, agus chomh fada is féidir ina rogha tionachta. Lena chinntiú go mbainfear amach an aidhm sin tá sé tábhachtach go ndéantar iad seo a leanas:

  • Deireadh a chur le tithe mí-oiriúnacha agus tithe leis an iomarca daoine iontu. 
  • Éileamh le haghaidh tithe a chomhlíonadh.
  • Feabhas a chur ar chaighdeáin structúracha agus comhshaoil tithíochta.
  • Úinéir áitíochta a spreagadh chomh fada agus is féidir agus ag teacht le forbairt náisiúnta eacnamaíochta agus sóisialta.

Cabhraíonn an Chomhairle Chontae leis na haidhmeanna mar seo a leanas:

  • Ag bainistiú tithíochta atá curtha ar fáil ag an Chomhairle agus páirtíocht tionónta a spreagadh.
  • Ag cur tithíocht fhadtéarmach ar fáil do dhaoine a dteastaíonn sé uathu.
  • Ag cur ardchaighdeán cóiríochta ar cíos ar fáil do dhaoine atá ag fáil forlíonadh cíosa
  • Cuidiú le daoine a gcuid tithíochta féin a chur ar fáil.
  • Suímh phríobháideacha a sholáthar áit is féidir.
  • Cuidiú chun tithíocht phríobháideach atá ann cheana féin a fheabhsú. 
  • Soláthar tithíochta agus láithreacha cónaithe páirceála carbháin don lucht siúil.

 

Service Indicators – See Appendix 1

Photo: Housing, Monfort House
< Back to Main Site
Annual Report 2006
Monaghan County Council
Comhairle Chontae Mhuíneacháin