Deontaisí Ard Oideachais
De réir na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais) 1968, 1978 agus 1992, cuireann Comhairle Chontae Mhuineacháin deontais ardoideachais ar fáil do mhic léinn incháilithe a fhreastalaíonn ar chúrsaí ceadaithe ag coláistí tríú leibhéal. Glacann an Chomhairle le scéim deontas achan bhliain le cead ón Aire Oideachais.
Fuarthas 251 iarratas nua, ar ceadaíodh 184 díobh, cuireadh 27 ar aghaidh chuig an gCoiste Gairmoideachais, cinneadh nach raibh 16 acu i dteideal agus táthar fós ag fanacht le breis eolais fá dtaobh de 24 acu. Mar bhreis orthu seo ceadaíodh 373 deontas do mhic léinn a bhí ag leanacht ar aghaidh le cúrsaí oideachais. |