Seirbhísí Ilchineálacha - Airgeadas

Córas Bainistíochta Airgeadais (CBA)

Cé go bhfuil na modúil ar fad de Chóras Bainistíochta Airgeadais Agresso i bhfeidhm anois táthar i mbun feabhsúchán leanúnacha ar an gcóras. Bhí Comhairle Chontae Mhuineacháin mar láthair píolótach le tosú ar chóras leasaithe chun córas Cárta LVP a thabhairt isteach. Tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh agus táthar ag súil go mbeidh sí tugtha chun críche go luath i 2007. Bhí baint freisin ag Comhairle Chontae Mhuineacháin leis an gCóras Bainistíochta Airgid Thirim.

Tabharfar córais nua lena n-áirítear Agresso 5.4 Paca Seirbhíse 5 agus Muirir Forbartha Pleanála isteach le linn 2007. Ciallóidh siad sin chomh maith le córas Costála nua a chur i bhfeidhm go mbeidh cúrsaí forbartha an Chórais Bainistíochta Airgeadais gnóthach arís i 2007.

Táthar ag súil go mbeidh sonraí ar fáil i 2007 faoi Chóras nua Pearsanra, Aoisliúntais agus Párolla agus táthar ag súil go gcuirfear tús le hobair ar an tionscadal sin i dtreo dheireadh na bliana.

An tAcht um Íoc Pras Cuntas, 1997.

I rith 2006 d’íoc an Chomhairle suim iomlán €662.78 de réir fhorálacha na reachtaíochta a bhaineann leis an Acht um Íoc Pras Cuntas.

Idirbhearta Airgeadais

Maraon leis na gníomhaíochtaí traidisiúnta ar pháipéar tá an Chomhairle go gníomhach san aistriú chuig modhanna leictreonacha le híocaíochtaí agus fáltais a dhéanamh. Tá fáilte mhaith roimh úsáid na n-íocaíochtaí leictreonacha don phárolla tríd an chóras “Paypath” le 82% d’íocaíochtaí párolla iomlána á bpróiseáil go leictreonach. Cuireadh síneadh breise freisin le húsáid Aistriú Airgid go Leictreonach chun cuntais creidiúnaithe a íoc agus íocadh 44% d'idirbhearta creidiúnaithe go leictreonach ag léiriú 24% de luach íocaíochta.

Leathnaíodh úsáid na gCártaí Ceannaithe Luach Íseal i rith 2006 agus tá an líon orduithe ceannaithe do cheannach ar luach íseal laghdaithe go mór dá dtoradh, rud a laghdaíonn go mór an páipéarachas gan ghá. I 2006 rinne úsáid na gcártaí seo suas 20.26% de ghníomhaíochtaí ceannacháin, nó 0.23% de luach iomlán na gceannachán.

Maidir le híoc cuntaisí custaiméara glacann an Chomhairle anois leis na modhanna íocaíochta seo a leanas - airgead agus seic, Buiséad Teaghlaigh An Post, dochair díreacha, orduithe seasta, íocaíochtaí cártaí creidmheasa agus Aistriú Airgid go Leictreonach agus Billpay le An Post. I rith 2006 tugadh isteach fosta íocaíochtaí ar an Idirlíon chun Fíneálacha páirceála a íoc le Comhairle Chontae Mhuineacháin. Tá an rogha maidir le hÍocaíochtaí ar an Idirlíon a shíneadh chuig seirbhísí eile ag dul ar aghaidh go fóill.

Iniúchadh Inmheánach

De thoradh ghníomhaíochtaí airgeadais na Comhairle a bheith chomh fairsing agus chomh hiomadúil sin, ní mór athbhreithniú leanúnach a bheith ar siúl ar na gnóthaí agus na taifeadaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin lena chinntiú don bhainistíocht go bhfuil smachtanna, nósanna imeachta agus córais chuntasaíochta inmheánacha na Comhairle ag feidhmiú mar ba cheart dóibh a bheith. Baineann an fheidhm seo le réimse Iniúchadh Inmheánach agus i rith 2006 lean an tIniúchóir Inmheánach ag cur an “Plean Iniúchta Straitéiseach” i bhfeidhm agus rinneadh iniúchtaí forleithne ar thionscadail na Comhairle atá maoinithe ag an AE.

Bailiú Ioncaim

Is trí cheathrar bailitheoirí ioncaim na Comhairle a bhíonn an phríomh theagmháil ag an Chomhairle lena gcuid íocóirí sraithe agus cíos tithíochta agus bliantúil agus i gcásanna áirithe íocóirí iasachtaí tithíochta agus táillí uisce. Leanann na bailitheoirí de bheith ag fáil leibhéal an-sásúil bailithe rud a léiríonn a gcuid iarrachtaí agus an comhoibriú a fhaigheann siad ónár gcustaiméirí. Dhírigh an Chomhairle ar sheirbhís custaiméara níos fearr le linn 2006 agus cuireadh síneadh ar an úsáid a bhaintear as Dochair Díreacha agus Billpay An Post agus Buiséad Teaghlaigh An Post mar modhanna íocaíochta breise.

Sraith

Eisíodh 1051 Éileamh Sraithe don bhliain 2006, rud a thug éileamh iomlán de €5,138,094.05. Cruinníodh an méid seo ar áitribh tráchtála agus luacháil tráchtála éifeachtach de €98,139.93 ag baint leis agus áiríodh leis táillí baile do Bhéal Átha Beithe. Is é an Ráta Bliantúil ar Luacháil a shocraigh an Chomhairle don bhliain ná 52.01 agus 8.85 do Tháillí Bhaile Bhéal Átha Beithe.

Cíos Tí:

Ag deireadh 2006 bhí 655 teach ar cíos ag an Chomhairle. Is é an t-iomlán a bhí le bailiú ó na tionóntaí i 2005 ná €994,632.
 
Bailiú Iasachtaí:

Lean aisíocaíochtaí ó lucht iasachtaí go gasta i rith 2006, rud a thug aisíocaíochtaí luatha de €630,000 go luath sa bhliain. Tá 667 cuntas d’iasachtaí ag an Chomhairle, rud a chruthaigh aisíocaíochtaí morgáiste de €943,571 i 2006.

Táillí Uisce

Rinneadh an Chomhairle Chontae méadrú ar gach nasc tráchtála le linn 2006. Soláthraíonn an Chomhairle uisce anois ar 3,425 nasc. Is é an faibhriú iomlán a bhí ann i 2006 do tháillí uisce ná €1,148,729.

< Back to Main Site
Annual Report 2006
Monaghan County Council
Comhairle Chontae Mhuíneacháin