|
An Comhshaol
Tá cosaint comhshaoil mar phríomhábhar topaice sa réimse Idirnáisiúnta anois níos mó ná riamh. Is tríd an gComhshaol a chosaint áfach is féidir linn é a thabhairt slán do ghlúinte amach anseo.
Tá foireann Rannóg Comhshaoil Chomhairle Chontae Mhuineacháin freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar Talamh, Uiscí agus Aer na Comhairle a chosaint ó thruailleáin atá dochrach do dhaoine, ainmhithe agus plandaí faoi seach. Ach tá gach duine atá ina gcónaí agus ag obair sa chontae freagrach as an gcomhshaol a chosaint. Teastaíonn tacaíocht agus comhoibriú an phobail fhorleathan ó fhoireann na Comhairle chun a ndualgais a chomhlíonadh.
Tá raon leathan feidhmeanna comhshaoil ag an gComhairle lena n-áirítear:
- Bainistíocht Dramhaíola
- Rialú Bruscair
- Cosaint agus Feabhas ar Chaighdeán an Uisce
- Feasacht Chomhshaoil
- Sábháilteacht Bia
- Rialú Madraí
Bainistíocht Dramhaíola
Comhlíontar Bainistiú Dramhaíola sa chontae le Plean Bainistíochta Dramhaíola Réigiún an Oirthuaiscirt 2005 - 2010.
Saoráid Líonta Talún
- Is é an prionsabal “an truaillitheoir a íocfaidh as" a úsáidtear i bhfeidhmíocht na saoráide líonta talún le táille de €100 in aghaidh an tonna (móide tobhach líonta talún de €15) a ghearrtar as dramhaíl a dhiúscairt i 2006.
- Thosaigh obair ar thógáil cille nua i 2006 agus tá sé leagtha amach le bheith críochnaithe faoi shamhradh na bliana 2007.
- Is 25,744 tonna an toirt iomlán de dramhaíl a cuireadh sa líonadh talún i 2006.
Saoráid Aisghabhála Ábhair & Láithreán Taitneamhachta Cathartha
- Tá an tsaoráid seo i bhfeidhm thar ceann na Comhairle ag Dramhaíl & Athchúrsáil Mc Elvaney.
- Rinneadh próiseáil ar beagnach 4,000 tonna d'ábhair in-athchúrsáilte ag an saoráid i 2006. Tá an figiúr seo dhá uair agus trí ceathrú níos mó ná an méid a próiseáladh i 2005. Tá moladh ag dul as an méadú mór in úsáid don oibreoir agus don phobal féin.
Bainc Beir Leat
- Bhí 23 láithreán Bainc Beir Leat i bhfeidhm i 2006 le Gloine (Donn, Uaithne agus Trédhearcach) agus glacadh le cannaí alúmanaim sna bainc beir leat seo chomh maith
- 844 é an Toirt Gloine a bailíodh i 2006 – méadú de 18 % ar figiúirí do 2005
- Mar an gcéanna, le cannaí alúmanaim, tháinig méadú de 14% ar an tonnáiste go dtí 23.3% i 2006
Ceadanna Dramhaíola
- Is féidir leis an gComhairle ceadanna a bhronnadh le haghaidh aisghabháil ar raon teoranta dramhaíola.
- Bronnadh 65 ceadanna dramhaíola dá leithéid i 2006: seo méadú de 58% ar an mbliain roimhe sin. Bhí formhór acu le haghaidh barrithir, clocha srl.
- Bhain dhá cheann de na ceadanna a bronnadh le díchóimleoirí cairr atá údaraithe faoi Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (feithiclí a bhfuil a ré caite) 2006. Is féidir le aon duine le carr nach bhfuil inbhóthair níos mó í a thabhairt chuig Ken Atkinson, Carrrigan Scairbh na gCaorach nó Eugene Conlon, An Sra, Béal Átha Beithe GAN AON CHOSTAS as í a díchóimeáil.
Truailliú Bruscair
- Eisíodh iomlán de 113 fíneálacha bruscair ar an láthair i 2006.
- Bhain formhór acu seo le diúscairt mhídhleathach bruscair teaghlach atá mar imní fós sa Chontae.
|