ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha - Pobail & Fiontair

Bord Forbartha Chontae Mhuineacháin

Cuireann an Oifig Pobail agus Fiontair an tacaíocht riaracháin ar fáil don Bhord Forbartha Contae. Leanann an CDB ar aghaidh ag obair ar na 21 Gníomhartha Tosaíochta a d’aithin sé i rith a Athbhreithniú Straitéise i 2005. Is féidir tuilleadh sonraí a fháíl ar suíomh gréasáin an CDB, www.monaghancdb.ie

Leanann an CDB ar aghaidh mar cheannródaí ar an tsamhail de ‘phróiseas comhpháirtíochta’ de chomhoibriú idirghníomhaireachta, leis an aidhm rud a bhaint amach nár bhain aon ghníomhaireacht amach astu féin riamh. Leanann sé ar aghaidh ag fáil rólanna nua agus freagrachtaí ó ranna Rialtais éagsúla. Mar shampla, i rith 2006:

  • d’ordaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go mbeadh an CDB freagrach as an bPróiseas Comhtháthaithe atá dírithe ar ghníomhaíochtaí forbartha áitiúla a chónascadh go háitiúil
  • tar éis athbhreithniú ar na struchtúir atá ann cheana féin d’fhógair an Chomhairle Náisiúnta Spóirt go mbeadh gach Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt amach anseo bunaithe faoina CDBanna. Bhí Comhpháirtíocht Spóirt Mhuineacháin ar cheann de na chéad chinn a bunaíodh tar éis na dtreoirlínte nua.
  • D’aithin an Roinn Dlí agus Cirt an CDB mar struchtúr faoina mbunófar Comhpháirtíochtaí Póilíneachta Áitiúla.

Fóram Pobail Mhuineacháin

Bunaíodh Fóram Pobail Mhuineacháin faoi Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus is é aidhm an fhóraim an earnáil phobail a éascú agus iad ag glacadh páirte i gcúrsaí cinnteoireachta. Cuireann an Oifig Pobail agus Fiontair tacaíocht forbartha ar fáil don Fhóram a bhfuil oibrí tacaíochta riaracháin páirtaimseartha fostaithe acu san Oifig. Tá os cionn 250 grúpa cláraithe leis an bhfóram anois. Chuir an Fóram Plean Forbartha le chéile i rith 2006 agus dhírigh siad ar a gcuid struchtúr a chomhdhlúthú chun fás leanúnach a chinntiú. Ghlac siad páirt i bpróiseas comhairliúcháin an Tascfhórsa Náisiúnta ar Saoránacht Ghníomhach agus tá súil acu réimse tionscnamh a chur i bhfeidhm maidir le saoránacht ghníomhach ag teacht suas go dtí an Olltoghchán i 2007.

Ag Tabhairt Tacaíochta don Phobal

Bhí baint ag an Oifig Pobail agus Fiontair le hoscailt an chéad bhealaigh siúil eisbhóthair fad achair, Bealach Mhuineacháin a éascú i rith 2006. Tá an bealach 70km ar fad agus téann sé ó Inis Caoin tríd Bhaile na Lorgan go dtí Baile Mhuineacháin. Bhí ardmholadh ag na daoine a bhí i láthair ag an seoladh oifigiúil i Meitheamh 2006 d’ardchaighdeán an chosáin.Tá an cosán curtha faoi árachas ag Comhairle Chontae Mhuineacháin.

Is í Comhairle Chontae Mhuineacháín an chomhpháirtí tosaigh ó thaobh nuálaíocht chlár Tacaíochta Phobal na hAbhann Duibhe a fhostaíonn oifigeach forbartha cosáin trasteorann chun cuidiú leis an gComhairle chun bealaí siúil a fhorbairt agus comhordaitheoir gníomhartha pobail a bhfuil sé d’fheidhm acu na mórán ócáidí sóisialta beaga a d’imigh nuair a dúnadh bóithre na teorann i rith na dTrioblóidí a athghiniúint.

Photo: Launch of Monaghan Way Walking Route
Next >