| Tithíocht agus Tógáil Clár 1.
Cheannaigh an Chomhairle Chontae 2 theach ag Cnoc an Tí i gCluain Eois agus 1 teach i bPáirc Uí Néill. Táthar ag súil go dtosófar tógáil ar 12 Theach de chuid an Údaráis Áitiúil i rith 2007 ar thalamh a ceannaíodh i bPáirc Uí Néill.
Faoi láthair tá:-
52 Teach de chuid na Comhairle ar Cíos
29 teach ar cheannachán tionónta
Táscairí Seirbhíse.
Tithíocht
% teaghas atá folamh = 3.85
Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre – Clár 2.
Lean an Chomhairle dá polasaí i 2006 de bheith ag uasghrádú bóithre, cosáin, soilsiú poiblí agus bainistiú tráchta, agus de bheith ag áisiú daoine le míchumais. Rinneadh na feabhsúchán bóthair seo le cúnamh Blocdheontais agus Blocdheontas Speisialta de €197,000 a leithdháileadh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus ranníocaíocht de €14,000 ó acmhainní na Comhairle féin.
Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha – Clár 4
Fuarthas 22 iarratas pleanála sa bhliain 2006.
Fuarthas Táillí Pleanála arbh fhiú €45,287 iad.
Togra Leathanbhanda an Oirthuaiscirt
Faoin Chéim II den Chlár Leathanbhanda Réigiúnach, bhí Cluain Eois ar cheann de na bailte a ceadaíodh chun thart ar 27km infreastruchtúr leathanbhanda a chur ar fáil ann. Is iad Clarkes Contractors a thug faoin obair duchtaithe ar an bpríomhlíne agus tugadh an obair chun críche i 2006. Leanfar ar aghaidh le hobair cháblaithe agus pointí bailithe i rith 2007.
Cosaint Comhshaoil – Clár 5
Leanann Comhairle Baile Chluain Eois ag soláthar seirbhísí glanta sráide 7 lá na seachtaine. Faigheann an Chomhairle glantóir sráide ar cíos fosta ó Chomhairle Baile Mhuineacháin faoi dhó sa mhí le cuidiú leis an scuabadh sna hEastáit Tithíochta agus ar na bóithre isteach sa Bhaile. Thug Comhairle Baile Cluain Eois a dtacaíocht do sheachtain Glantacháin Náisiúnta Bliantúil an Earraigh ag cur scipeanna ar fáil do ghrúpaí pobail agus cumainn lonnaithe agus ag bailiú dramhaíola agus ag fáil réidh leis an méid a bhailítear.
Cuidiú
Thug Comhairle Baile Chluain Eois cuidiú dóibh seo a leanas fosta le linn 2006.
- Ciste Scoláireachta Gaeltachta Choláiste An Leargaidh – Dhá leath scoláireacht.
- Cumann na mBailte Slachtmhara – Bláthanna srl. do thaispeántais an bhaile.
- Cumann Áitritheoirí Beechgrove.
- Cumann Áitritheoirí An Leargaidh.
- Cumann Tráchtala Chluain Eois – Soilsiú na Nollag
- Cumann Sábháilteachta Uisce.
- Turasóireacht Mhuineacháin.
Ócáidí Eile.
Ar chuireadh ó Mhaigheor Kelme, chuaigh an Comh. Treanor, an Comh. McCaughey agus an Comh. McCague go dtí Kelme sa Liotuáin i mí Iúil 2006 do chuairt 4 lá. D’fhreastail Baill Chomhairle Baile Chluain Eois ar Chóisir Breithlá in Áras an Chroí Rónaofa do Annie Kirkwood, an saoránach is sine i gCluain Eois a bhí 100 bliain d’aois. Rinne an Cathaoirleach Peter MacAleer cur i láthair.
Airgeadas.
Chloígh Comhairle Baile Chluain Eois leis na riachtanais ábhartha a bhaineann leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997.
Ranníocaíochtaí Pleanála.
De réir Alt 48(14)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, maidir leis an Scéim Ranníocaíochtaí Forbartha, fabhraíodh iomlán de €5,139 i 2006.
| Suim a fuarthas i 2006 taispeánta thíos |
| Soilsiú Poiblí/Cosán Ranníocaíochta Caipitil |
€6,349.72 |
| Draenáil |
€2,000.00 |
| Ceangailtí Uisce |
€1,269.73 |
| Ceangailtí Séarachais |
€2,539.41 |
| Iomlán a Fuarthas le linn 2005 |
€12,158.86 |
| Íocaíochtaí 2006 |
| Carrchlóis |
€12,697.00 |
| Iomlán 2006 |
€12,697.00 |
|