|
Dualgais & Traenáil Chosaint Sibhialta
D’fhreastail Oibrithe Deonacha Chosaint Sibhialta ar chúrsaí traenála éagsúla i 2006 a eagraíodh ag Leibhéal Áitiúil, Réigiúnach agus Náisiúnta.
Thosaigh gné nua de thraenáil tarrthála líne i 2006. Bhí traenáil ar siúl in ionaid réigiúnacha agus contae i rith na bliana.
Lean otharcharr an Chosaint Sibhialta agus baill garchabhrach ag soláthar cuidiú luachmhar ag go leor imeachtaí móra lena n-áirítear cluichí peile, railithe cairr, dornálaíocht agus ócáidí marcaíochta.
Chuidigh siad freisin leis na gardaí agus le dochtúirí áitiúla roinnt uaireanta le linn na bliana.
Bhí Cosaint Shibhialta Chontae Mhuineacháin gníomhach ag 75 ócáid le linn 2006.
Chuidigh Cosaint Shibhialta Mhuineacháin le go leor de na hócáidí móra ar fud an réigiúin, go háirithe ceolchoirmeacha Oxegen & Electric Picnic.
Ní bheifí in ann é sin a dhéanamh gan tiomantas na hOibrithe Deonacha um Chosaint Sibhialta.
Leanann an t-ionad Bád ar aghaidh ag cur cúnamh ar fáil do Chomhairle Chontae Mhuineacháin sa chlár monatóireachta locha chun samplaí uisce a bhailiú as locha ar fud an chontae. Thug Cosaint Shibhialta cuairt ar roinnt meánscoileanna freisin chun cúnamh a thabhairt chun an eagraíocht a chur chun cinn agus chun daoine a chur ar an eolas faoi céard a dhéanann Cosaint Shibhialta don phobal chomh maith.
Clár Traenála Scoile Chosaint Sibhialta
D’fhreastail baill Chosaint Shibhialta ar chúrsaí oiliúna i rith 2006.
- Cúrsa Athcháilithe do Theagascóirí Taismí
- Cúrsa Cuardach Bainistíochta
- Cúrsa Comhraicthe Dóiteáin Foraoise
- Cúrsa Léitheoireachta Léarscáileanna i Scileanna Allamuigh
- Cúrsa Teagascóra Tarrthála Líne a tionóladh sa Bhreatain Bheag i mí Aibreáin
Oiliúint Áitiúil & Réigiúnach:
D’fhreastail baill na Cosainte Sibhialta ar chúrsaí i rith 2006.
- Cúrsa tiomána cosanta 3-lá
- Cúrsa traenála Bádchumhachta Leibhéal 2
- Laethanta oiliúna Tarrthála Líne
- Cleachtadh Réigiúnach Bád
Scrúduithe Garchabhrach
Tá ranganna as Cluain Eois agus Béal Átha Beithe ag ullmhú le haghaidh a gcéad ardscrúduithe garchabhrach go luath i 2007.
Chomhlíonaigh baill Charraig Mhachaire Rois a n-ardchúrsaí garchabhrach agus a gcúrsaí idirmheánacha go rathúil agus bronnadh teastais orthu i mí na Samhna.
Tá a gcéad bhunchúrsa comhlánaithe freisin ag ranganna as Muineachán, Cluain Eois, Cúil Darach agus as an Drum agus bronnadh teastais orthu go luath i mí Bhealtaine.
Díshnáithithe Seachtracha Uathoibreacha
Thug teagascóirí taismí agus Lucht Ard-Gharchabhrach faoi thraenáil chun Díshnáithithe Seachtracha Uathoibreacha (DSU) a úsáid i gCosaint Sibhialta. Tá DSUanna curtha ar fáil ag an mBord Cosanta Sibhialta ar Chosaint Sibhialta Mhuineacháin le húsáid ag baill den chosaint sibhialta i gcomhar le dualgais agus le gníomhaíochtaí cosanta sibhialta. Tá a dtraenáil nuashonraithe ag teagascóirí Chosaint Sibhialta le bliain anuas ina prótasacil CPR nua ag Ceanncheathrú Chosaint Sibhialta i Ros Cré, Contae Thiobraid Árann. Thosaigh an Chosaint Sibhialta ag cur na bprótacal CPR nua i bhfeidhm dá gcuid ball sa dara leath de 2006.
Cumarsáid
Bhí roinnt cleachtaí léitheoireachta raidió/léarscáileanna ar siúl le linn na bliana timpeall an chontae.
Ba é an smaoineamh a bhain leis an gchleachtadh ná gnáthaimh raidió agus scileanna léitheoireachta léarscáileanna na n-oibrithe deonacha a fheabhsú.
Tionóladh cleachtadh oiliúna GPS le roinnt seachtainí anuas i limistéar Pháirc Ros Mhóir agus bhí baint ag feithiclí Cosanta Sibhialta agus baill as Cluain Eois, Béal Átha Beithe, Carraig Mhachaire Rois agus Muineachán leis an gcleachtadh sin.
Otharcharr Nua.
Chur eisiúint otharchairr nua ón mBord Cosanta Sibhialta don chontae go mór leis an gcabhlach feithiclí atá ar fáil do na baill Cosanta Sibhialta cheana féin. Tá an t-otharcharr feistithe amach go hiomlán agus úsáideadh í ag go leor ócáidí spóirt.
Comórtas agus Cleachtadh.
Comórtas Druilire Caidéil
Reachtáileadh an comórtas druilire caidéil i Stáisiún Dóiteáin, An Uaimh. D’éirigh go maith leis an gcomórtas agus an cleachtadh. Bhí craobhchomórtas A.F.S. na hÉireann ar siúl i mBaile Átha Cliath go luath i Meán Fómhair.
Comórtais Bád
Reachtáileadh Cleachtadh bádóireachta na Cosanta Sibhialta Réigiúnaí i gContae Mhuineacháin i nDeireadh Fómhair. Bhí an aimsir go maith ar an lá agus bhí an cleachtadh an-dúshlánach agus taitneamhach. Cuireadh triail ar foirne as Muineachán, An Lú, An Mhí & An Cabhán i ngnéithe a bhaineann lena n-oiliúint.
Comórtas Cuimhneacháin Pat Kennedy
Chuaigh ceathrar ball as aonad Cadhc Chosaint Sibhialta Mhuineacháin chomh fada le Dún na nGall le bheith páirteach i gcraobhchomórtas na hÉireann. Rinneadh measúnú ar fhoirne Cadhc as scileanna éagsúla ina measc bhí Lapadáil, Gasógaíocht, Tarrtháil, Cuardach, Scileanna Garchabhrach, Cumas Feasachta agus Inniúlachtaí Foirne. Bhí Brian Mc.Creery, Colm Lynch, Philip Connolly agus Damien Holland ar an bhfoireann.
Dinneár Damhsa Láitheoireachta Bliantúil
Indiaidh bliain mhaith i 2006 d’fhreastail teaghlach agus cairde oibrithe deonacha na Cosanta Sibhialta ar ócáid chur i láthair in Óstán an Hillgrove. Bhronn an Méara Padraig Mc Nally teastais in Ardgharchabhair, i gcúrsa Teagascóra Tarrthála Líne, i gcúrsa tiomána cosanta agus boinn fadseirbhíse ar bhaill Chosaint Sibhialta.
|