|
Ceanncheathrú Riaracháin: F/ch Oifig Stiúrthóir Pobail & Fiontair, An Foirgneamh Mótarchánach, Sráid an Mhargaidh, Muineachán.
Guthán: 047 38146
Faics: 047 72095
R-phost: tmcguirk@monaghancoco.ie
Leanann Comhairle Baile Bhéal Átha Béithe ar aghaidh ag áisiú agus ag cur chun na cúrsaí forbartha i mBéal Átha Béithe. Tugadh chun críche obair athchóirithe ar Ionad Cathartha Bhéal Átha Béithe atá faoi úinéireacht na comhairle i 2006. Cuireann an foirgneamh saoráidí ar fáil do na Comhairleoirí agus is é an t-ionad é atá ag gComhpháirtíocht Spóirt Mhuineacháin a bunaíodh le déanaí.
Tugadh chun críche láthair bhabhlála amuigh faoin spéir i bpáirc an bhaile trí thacaíocht agus comhoibriú na comhairle agus tá tús curtha le tógáil saoráide Cúraim Leanaí ar fiú 1.6 milliún é.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ar Chéim II den phlean forbartha sráid-dreacha le uasghrádú ar réimse conláistí agus saoráidí timpeall an bhaile. Bhí ról gníomhach ag an gcomhairle chomh maith ag tabhairt tacaíochta do chomhairliúchán phoiblí chun an Plean Forbartha Contae a ullmhú.
Leanann an Chomhairle Baile lena r ól gníomhach ag cur caidrimh nasctha chun cinn idir Osterhofen agus Fivemiletown, tá dul chun cinn mór déanta ag an socrú nasctha le Fivemiletown go háirithe le bliain anuas. Ceann de spriocanna móra na comhairle do 2007 ná fás eacnamaíoch a spreagadh sa bhaile agus bhí an Chomhairle Baile fíor-thábhachtach i mbunú an Fhóraim Eacnamaíche.
|