ENGLISH | GAEILGE     
 
 
 
PRINT VERSION   DOWNLOAD REPORT
 
 
> Teachtaireacht ón Méara
> Réamhrá – Bainisteoir Contae
> Baill Chomhairle Chontae Mhuineacháin
> Tithíocht agus Tógáil
> Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
> Mótarcháin
> Seribhísí Uisce

Dreasachtaí agus Rialuithe Forbartha
> Pleanáil
> Pobal agus Fiontar

Cosaint Comhshaoil
> An Comhshaol
> Seirbhís Tine
> Rialuithe Forbartha
> Seirbhís Chosaint Sibhialta
> Sábháilteacht Uisce

Caitheamh Aimsire and Taitneamhacht
> Seirbhís Leabharlainne
> Iarsmalann Chontae
> Oifig Ealaíon

Seirbhís Ilchineálacha
> Bainistiú Acmhainní Daonna
> Comhpháirtíocht sa Láithreán Oibre
> Deontaisí Ard Oideachais
> Nascadh
> Airgeadas
> Coistí na Comhairle
> Seimineáir & Comhdhálacha ar
ar Fhreastal Comhaltaí

> Eolas Ginearálta

Comhairlí Baile
> Comhairle Baile Charraig Mhachaire Rois
> Comhairle Baile Mhuineacháin
> Comhairle Baile Chluain Eois
> Comhairle Baile Bhaile na Lorgan
> Comhairle Baile Bhéal Átha Beithe

Tascairi Seirbhíse - Aguisín 1

   Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht - Oifig Ealaíon

Ba bhliain bhríomhar a bhí i 2006 sna healaíona do Chomhairle Chontae Mhuineacháin.

Ba í seo an tríú bliain dár bplean Forbartha Ealaíon 2004 – 2008. Is féidir breathnú air seo ar ár suíomh idirlín www.monaghan.ie/arts . Tá go leor spriocanna leagtha amach ag an phlean, atá súil againn a bhaint amach lena linn. An dá phríomh ghné ar a mbraitheann rathúnas an phlean ná cúrsaí airgid agus comhpháirtíochtaí sásúla a bhunú.

Dámhachtainí / Deontais

Rinne an Oifig Ealaíon bainistiú agus seachadadh ar na trí dheis maoinithe a bhronnann an Chomhairle gach aon bhliain, leagtar amach seachadadh na scéimeanna seo mar thrí dheis, mar seo:

  • Dámhachtainí Achtanna na nEalaíon: bronnadh iomlán de €14,600 ar 20 grúpa i gContae Mhuineacháin
  • Deontas don Ealaíontóir Proifisiúnta:  bronnadh iomlán de €24,000 ar 26 ealaíontóir proifisiúnta
  • Deontais Comhpháirtíochta: tugtar na dámhachtainí seo d’eagraíochtaí Ealaíon i gContae Mhuineacháin a sheachadann tograí agus cláir dílse ealaíon ’sé sin Amharclann an Gharáiste, Féile Scannánaíochta Chluain Eois, Lárionad Patrick Kavanagh, Ionad Ealaíon & Acmhainne Bhaile na Lorgan agus Siopaí Canála Uladh, Cluain Eois. Bronnadh suim iomlán de €55,000 mar chuidiú deontais.

Ócáidí agus Nuacht ó 2006

Is deis iontach a bhí i léiriú an dá Príomhscannán i Muineachán don Oifig Ealaíon agus do chur chun cinn an chontae. Is é Nicholas Roeg, stiúrthóir idirnáisiúnta a stiúraigh an scannán “Puffball” le sárfhoireann aisteoirí lena n-áirítear Donald Sutherland agus Miranda Richardson. Rinne stiúrthóir scannán Éireannach, Paddy Breathnach a scannán “Shrooms” i bPáirc an Rosa Mhóir thar tréimhse dhá mhí le comhaltaí foirne cáiliúla lena n-áirítear Lyndsey Haun as na Stáit Aontaithe agus Sean Mc Ginley as Éirinn.

Tá ag éirí thar cionn leis an ionad Ealaíon i mBaile na Lorgan “Iontas”. Is díol suntais nua é anois agus é ag tabhairt deis ócáidí Ealaíon a chur ar siúl i gceart agus cuireann sé láthair bhreá ar fáil don phobal chun sult a bhaint as na hEalaíona. Thug Comhairle Chontae Mhuineacháin agus an Chomhairle Ealaíon tacaíocht dá gclár Ealaíon le blianta anuas.
www.iontascastleblayney.ie/

Amharclann an Gharáiste ag fáil níos gaire faoi dheireadh dá mbrionglóid bogadh go dtí Amharclann nua, chuir siad isteach iarratas chuig an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta faoin scéim ACCESS. Ba cheart go bhfaigheadh siad scéala faoina n-iarratas i ndeireadh Márta.  Tá an-áthas ar Chomhairle Chontae Mhuineacháin a bheith páirteach sa tionscadal seo agus tá suíomh don amharclann nua leagtha amach acu má chuirtear maoiniú ar fáil.
www.garagetheatre.com

Bhí Ionad Guthrie Thír Eoghain i Annaghmakerrig ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód mar dhíseart gníomhach d'ealaíontóirí. Thugamar cabhair dóibh lena gceiliúradh ag cur seó mór den dá phéintéireacht ar siúl i dteach an mhargaidh agus memorabilia as an teach. Rinneamar urraíocht ar dhá dhuais cónaitheachta i ndéanamh Scannán agus ceol traidisiúnta mar chuid den cheiliúradh.
www.tyroneguthrie.ie/Home

Bhí ionad Patrick Kavanagh an-ghnóthach i mbliana agus tháinig méadú ar líon na gcuairteoirí chuig an ionad. Tá Deireadh Seachtaine Bliantúil Patrick Kavanagh ar siúl ar an 26 Samhain 2006 ag ceiliúradh saol agus obair Patrick Kavanagh 
www.patrickkavanaghcountry.com

Reáchtáladh Féile Scannán Chluain Eois ó 26-30 Deireadh Fómhair (go bliantúil).  An cúigiú bliain ag an bhféile, chuir an lucht eagraithe sraith iontach scannán le chéile agus sheol an grianghrafadóir Colman Doyle é. Bhí sé ar cheann de na hócáidí iontacha cultúir i gContae Mhuineacháin. Tá siad ag dul ó neart go neart agus fuair an fhéile cuidiú i bhfoirm maoinithe ón gComhairle Ealaíon. www.clonesfilmfestival.com

In Iúil, ag ócáid iontach amuigh faoin spéir agus mar cheiliúradh ar na hEalaíona cuireadh léiriúchán de “Romeo & Juliet” ar siúl i dtailte Teach Hilton i gCluain Eois. Ba léiriúchán iontach taitneamhach a bhí ann agus tháinig na sluaite le picnicí agus phioc siad amach geadán féir dóibh féin agus bhain siad taitneamh as an spraoi. Táthar ag súil go mbeidh léiriúchán eile ar siúl i bPáirc Hilton, Cluain Eois i 2007.

Tháinig an Coiste Ealaíon Poiblí le chéile i 2006 agus tá siad ar tí bailchríoch a chur leis an gcéad phíosa Ealaíon Poiblí do sheachbhóthar Charraig Mhachaire Rois “Slí an Chaomhánaigh”.

Teach an Mhargaidh www.themarkethouse.ie

Ba í 2006 an tríú bliain feidhmithe ag an ionad ealaíon tiomnaithe seo atá á reáchtáil ag Comhairle Chontae Mhuineacháin.

Is féidir an clár imeachtaí a bhriseadh suas i dtrí roinn: Ceol, taispeántais agus ceardlanna. Bheartaíomar fiche is a ceathair ceolchoirm i 2006 le réimse leathan idir cheol traidisiúnta agus snagcheol agus idir cheol tíre agus ceol clasaiceach. I measc chuid de na daoine a bhí i láthair ag teach an mhargaidh bhí,

Tá liosta iomlán de na healaíontóirí a bhí ar taispeáint i dTeach an Mhargaidh le feiceáil ar
www.monaghan.ie/An Dúnload/pdf/markethouse/VisualArts20052007brochure.pdf

Is féidir na hócáidí ar fad a fuair tacaíocht nó a raibh Comhairle Chontae Mhuineacháin ina hóstach orthu a fheiceáil ar www.monaghan.ie

 

Both Photos: Arts Office