As Gaeilge

Maidir linne agus Ár n-aidhmeanna

Go bunreachtúil tá an saoránach i dteideal a gnó nó a ghnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge.  Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá Comhairle Contae Mhuineacháin chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge amháin, trí mheán an Bhéarla amháin, agus trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon.  Dhaingnigh  an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dréachtscéim Ghaeilge na Comhairle ar an 29 Bealtaine 2008.    Beidh an scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ó 1 Meitheamh 2008.

Codanna tábhachtacha na scéime is ea na leathanaigh ghréasáin as Gaeilge a chruthófar.  Cabhróidh siad go mór le cur chun cinn na Gaeilge i measc fhoireann na Comhairle agus i measc an phobail i gcoitinne.

Tá tús déanta againn.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le

Oifigeach Cúnta Gaeilge,
Comhairle Contae Mhuineacháin,
Bóthar an Ghleanna,
Muineachán

Teileafón: 042 30500 fo-líne 208

Ríomhphost: eolas@monaghancoco.ie